Anacanda
| Eunectes | |
|---|---|
Eunectes murinus | |
| Tacsanomaíocht | |
| For-ríocht | Holozoa |
| Ríocht | Animalia |
| Fíleam | Chordata |
| Aicme | Reptilia |
| Ord | Squamata |
| Fine | Boidae |
| Fofhine | Boinae |
| Géineas | Eunectes Wagler, 1830 |
Anacandaí[1] a thugtar ar na ceithre speiceas nathracha sa ghéineas Eunectes, buachrapairí ó Mheiriceá Theas. Orthu sin tá an t-anacanda glas (Eunectes murinus), an nathair is mó ar Domhan. Is féidir leis a bheith níos mó ná 11 m ar fhad agus os cionn 500 kg meáchain. Dath neamhlonrach air le spotaí móra neamhrialta dorcha. Áitríonn sé uisce a ghluaiseann go mall. Uaireanta, dreapann sé crainn ísle. Itheann sé éin, mamaigh, cadhmain is turtair.[2]
Tagairtí
- ↑ ““anacanda” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-09-05.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Anacanda". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 36.