Is cathair é Bayda nó al-Bayda nó el-Bëida in oirthuaisceart na Libia. Tá breis is 250,000 (2010) duine ina gcónaí ann. Is é an ceathrú cathair is mó sa Libia. Ciallaíonn ainm na cathrach "an (ceann) bán" san Araibis.