Beiteal
| Piper betle | |
|---|---|
| Tacsanomaíocht | |
| For-ríocht | Eukaryota |
| Ríocht | Plantae |
| Ord | Piperales |
| Fine | Piperaceae |
| Géineas | Piper |
| Speiceas | Piper betle L., 1753 |
Crann caol a fhásann 30 m ar airde, dúchasach d'oirdheisceart na hÁise is ea an beiteal.[1] Na duilleoga 8 m ar fhad, leathrúil; na síolta 4-5 cm ar fhad, dearg nó flannbhuí. Fiuchtar na cnónna le haol, triomaítear iad, agus filltear iad mar phloig i nduilleoga ó speiceas dreaptha beitil. Cognaítear an plog go minic san India is oirdheisceart na hÁise ar son a iarmhairte meisciúla atá cosúil le hiarmhairt alcóil. Fágann an súlach smál dearg ar na fiacla is an tseile.[2]
Tagairtí
- ↑ ““Piper betle” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Beiteal". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 70.