Calamites
| Tacsanomaíocht | |
|---|---|
| For-ríocht | Archaeplastida |
| Aicme | Polypodiopsida |
| Ord | Equisetales |
| Fine | Calamitaceae |
| Géineas | Calamites Brongn., 1828 |
Is plandaí díofa iad na Calamites. Bhí na plandaí seo chomh mór le crann (suas le 30 m ar airde)[1]. Aimsitear na stoic tholla agus cuislí ingearacha orthu, agus siúntaí cothrománacha áit a mbiodh na craobhacha ag fás.
Tréimhse
An tréimhse Charbónmhar íochtair (cisil ghuail) san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh.
Tréithe
- Tá na heireabaill chapaill le fáil ón Déavónach i leith, ach Equisetum an Iae inniu an-bheag le hais cineálacha fadó.
- Gas neamhadhmadach orthu; laion iontu ina ionad sin.
- Buairciní spórtháirgeacha orthu le haghaidh síolrú.
Gaolmhara
Ar fhíanaise gas, duilleog agus fréamhacha bhí go leor cineálacha d'eireabaill chapaill ann sa tréimhse Charbónmhar.
Is éard atá in Annularia ná rianta róiséadacha duilleog ó Calamites nó ó ghaol gairid éigin dá gcuid.
Orthu sin bhí Asterophyllites, planda a bhí cosúil le hAnnularia ach gan é ach tuairim is trian dá mhéid.
Tagairtí
- ↑ Gee, Henry, Iontaisí (An Gúm 1996)