Ceilvin
| Cineál | SI base unit (en) |
|---|---|
| Aonad de | thermodynamic temperature (en) |
| Carachtar Unicode | K |
| Eapainm | William Thomson |
| Tiontuithe aonad | |
| In aonaid SI | 1 K |
Is é an ceilvin[1] (siombail: K) an t-aonad teochta ar an scála dearbhtheochta a bhfuil an pointe nialais (0 K) ag -273.16 °C, reophointe an uisce ag 273 K, agus fiuchphointe an uisce ag 373 K. Is ceann de sheacht n-aonad an chórais SI é. Is ionann céim amháin Celsius is ceilvin. De bhuntáiste aige nach bhfuil aon luachanna diúltacha i gceist ann, de bhrí go bhfuil gach teocht air níos mó ná an dearbhnialas.
Ainmníodh é in onóir don fhisiceoir Éireannach, William Thomson, nó an Tiarna Kelvin (1824 – 1907) a shaothraigh an teirmidinimic, i measc a lán eile.[2]
Tagairtí
- ↑ ““ceilvin” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-01-19.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ceilvin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 126.