Cheryl
(2014) | |
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | (en) Cheryl Ann Tweedy 30 Meitheamh 1983 41 bliana d'aois Newcastle upon Tyne, England |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Royal Ballet School (en) |
| Áit chónaithe | Walker Heaton (en) Woking |
| Airde | 1.6 m |
| Dath súile | Donn |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Amhránaíocht |
| Gairm | amhránaí, aisteoir, mainicín, láithreoir teilifíse, siamsóir |
| Tréimhse oibre | 2002 – |
| Ball de | |
| Seánra | Popcheol, popcheol rince agus R&G chomhaimseartha |
| Teangacha | Béarla |
| Glanfhiúchas | 20,000,000 £ (Deireadh Fómhair 2014) |
| Cineál gutha | Meánsoprán |
| Uirlis | Ceol gutha |
| Lipéad ceoil | Fascination Records Polydor Records |
| Eile | |
| Céile | Ashley Cole (2006–2010) Jean-Bernard Fernandez-Versini (en) |
| Páirtí | Liam Payne (2016–2018) |
| Ciontaíodh i | assault occasioning actual bodily harm (en) → (damages (en) |
| Suíomh gréasáin | cherylofficial.com |
Is amhránaí, ban-aisteoir, damhsóir agus mainicín í Cheryl Ann Tweedy. Tharraing sí clú uirthi féin sa chlár Popstars - The Rivals (ITV) sa bhliain 2002. Tháinig an grúpa ceoil Girls Aloud le chéile.
Gairm
2008-2010: The X Factor agus 3 Words
Sa bhliain 2008 thosaigh Cheryl ag obair ar an tsraith theilifíse The X Factor mar bhreitheamh.
Sa bhliain 2009 fuair sí clú agus cáil mar amhránaí aonair le "Fight For This Love". Tá an t-amhrán seo le fáil ar an albam "3 Words".
Ar an 3 Iúil 2010, fuair Cheryl tinn le maláire, agus bhí uirthi tréimhse chúpla seachtain a chaitheamh in ospidéal dá barr. Ghlac Nicole Scherzinger a ról ar 'The X-Factor' agus í tinn.
D'eisigh Cheryl a céad albam 3 Words ar an 16 Deireadh Fómhair 2009.
2010-2012: Messy Little Raindrops agus A Million Lights
D'eisigh Cheryl a dara halbam Messy Little Raindrops ar an 29 Deireadh Fómhair 2010.
D'eisigh Cheryl a tríú halbam A Million Lights ar an 15 Meitheamh 2012.
2014–2017: Only Human agus filleadh ar The X Factor
D'fhill Cheryl ar ais go dtí The X Factor don aonú sraith déag i Lúnasa 2014. D'eisigh sí a ceathrú albam Only Human ar an 7 Samhain 2014. D'fhógair sí i mí Aibreáin 2016 go mbeadh sí ag imeacht ó The X Factor chun dul ag obair ar cheol.
2018: Cúigiú halbam agus The Greatest Dancer
I mí Iúil, 2018, d'fhógair Cheryl go raibh a cúigiú halbam beagnach críochnaithe. Bhí an chéad singil ón albam "Love Made Me Do It" eisithe ar an 9 Samhain 2018.
Saol Pearsanta
Phós Cheryl le Ashley Cole, peileadóir atá ag imirt le Chelsea agus Sasana, i mí Iúil 2006.[1] Scair siad óna chéile i mí Feabhra 2010, agus chuir Cole isteach ar cholscaradh go hoifigiúil i mí Bealtaine 2010.
Phós Cheryl le Jean-Bernard Fernandez-Versini, ar an 7 Iúil 2014.
Scannánliosta
| Bliain | Teideal | Ról |
|---|---|---|
| 2002 | Popstars: The Rivals | Iomaitheoir (Buateoir) |
| 2005 | Girls Aloud: Home Truths | Í féín |
| 2006 | Girls Aloud: Off the Record | Í féín |
| 2007 | Comic Relief Does The Apprentice | Iomaitheoir (Buateoir) |
| The Friday Night Project | Láithreoir | |
| 2008 | The Passions of Girls Aloud | Í féín |
| The Girls Aloud Party | Láithreoir agus tabheoir | |
| 2008–2010, 2014–15 | The X Factor | Moltóir |
| 2009 | Cheryl Cole's Night In | Í féín |
| 2010 | Piers Morgan's Life Stories | Í féín |
| 2011 | The X Factor SA | Moltóir |
| 2012 | The X Factor | Aoi-mholtóír |
| Cheryl - Access All Areas | Í féín | |
| Cheryl: Live in Concert—A Million Lights Tour | Herself | |
| Girls Aloud: Ten Years at the Top | Í féín | |
| 2013 | Ten: The Hits Tour | Í féín |
| Coronation Street | Í féín |
Dioscliosta
- Albaim Stiúideo
- 3 Words (2009)
- Messy Little Raindrops (2010)
- A Million Lights (2012)
- Only Human (2014)
- Ceirníní Leathfhada
- 3 Words: The B-Sides (2010)
Camchuairteanna
- 2010: The Black Eyed Peas' The E.N.D. World Tour (An Eoraip)
- 2012: A Million Lights Tour
Tagairtí
- ↑ "Tweedy and Cole in wedding ruse" (15 Iúil 2006).