Baile is ea Conga[1] nó Conga Fheichín (Cong as Béarla) atá i ndeisceart Chontae Mhaigh Eo, idir Loch Measca agus Loch Coiribe. Bhí mainistir tábhachtach ann tráth, a bhain le Naomh Feichín. Tá an ceantar máguaird gnóthach le turasóireacht sa samhradh, le lucht siúlóide agus iascaireachta, mar shampla.