Elara
| Cineál | gealach de chuid Iúpatair agus gealach neamhrialta |
|---|---|
| Fionnachtaí | Charles Dillon Perrine |
| Dáta fionnachtana | 2 Eanáir 1905, Réadlann Lick |
| Eapainm | Elara |
| Réad tuismitheora | Iúpatar |
| Sonraí fithiseacha | |
| Ais mhór a | 11,676,677 km |
| Éalárnacht e | 0.2174 |
| Tréimhse fhithiseach P | 259.64 d |
| Claonadh i | 30.51712 ° |
| Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha | |
| Ga | 43 km[1] |
| Méid dhealraitheach (V) | 16.3 (banda V) |
| Mais | 870 Eg[2] |
| Meándlús | 2.6 g/cm³ |
| Ailbéideacht | 0.04 [1] |
Elara atá ar an ochtú satailít is mó dá bhfuil ag fithisiú Iúpatair. Níor baisteadh an t-ainm sin ar an ngealach seo ach sa bhliain 1975; roimhe sin ní raibh d’ainm oifigiúil uirthi ach “Iúpatar a Seacht”, cé go dtugtaí “Hera” uirthi uaireanta. Tá Elara 43 ciliméadar ar mheángha, agus is ceann de na satailítí i ngrúpa Himalia í. Is éard atá i gceist le grúpa Himalia ná cúig shatailít de chuid Iúpatair a bhfuil a bhfithisí ag athrú gan stad, ós rud é go bhfuil corraíl na Gréine agus na bpláinéad ag dul i bhfeidhm orthu.
Preview of references
- ↑ 1.0 1.1 “NASA FACTS” (Béarla). NASA.
- ↑ URL tagartha: https://ssd.jpl.nasa.gov/?sat_phys_par. Dáta rochtana: 5 Meán Fómhair 2020.