Is cathair í Forlì (Laidin: Forum Livii) suite in Emilia-Romagna, san Iodáil. Is í príomhchathair chúige Forlì-Cesena. Tá sí lonnaithe ar Via Emilia, agus is ionad talmhaíochta tábhachtach í sa réigiún. Tá sainchomhartha cultúrtha agus ealaíonta na hIodáile lonnaithe anseo: mar shampla, rugadh an péintéir Melozzo da Forlì, an staraí Flavio Biondo, na lianna Geronimo Mercuriali agus Giovanni Battista Morgagni sa chathair. Tá Ollscoil Forlí (cuid d'Ollscoil Bhologna) suite anseo agus tá clú ar leith aici i leith staidéir Eacnamaíochta, Innealtóireachta, Eolaíocht pholaitiúla chomh maith le Ard-Scoil na dTeangacha do Ateangairí agus Aistritheoirí (SSLMIT).