Homainid
| Hominidae | |
|---|---|
| Tacsanomaíocht | |
| Aicme | Mammalia |
| Ord | Primates |
| Forfhine | Hominoidea |
| Fine | Hominidae Gray, 1825 |
An aicme de phríomhaigh a d'fhorás go dtí an duine nua-aoiseach (Homo sapiens).
Ag pointe le linn na héabhlóide, scoilt fréamh amháin de na príomhaigh ina dhá phobal. Rinne géag amháin forás go dtí na hápaí nua-aoiseacha, agus an ghéag eile go dtí na daoine nua-aoiseacha.
Tugtar homainid ar gach indibhid ar an ngéag dhaonna. Mar sin, ní de shliocht na n-ápaí daoine, ach de chomhshinsear leis na hápaí.
Tugtar Australopithecus afarensis ar an homainid shoiléir is luaithe, 3½ milliún bliain iontaisithe d'aois. Is den aicme seo an iontaise Lucy a fionnadh san Aetóip.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Homainid". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 351.