Macall
| Geum | |
|---|---|
Geum coccineum | |
| Tacsanomaíocht | |
| For-ríocht | Eukaryota |
| Ríocht | Plantae |
| Ord | Rosales |
| Fine | Rosaceae |
| Géineas | Geum L., 1753 |
Tá dhá phlanda leis an ainm seo ann, iad araon dúchasach do réigiúin mheasartha. Is planda díreach ilbhliantúil a fhásann timpeall 60 cm ar airde an macall coille, a dtugtar luibh Bennett air freisin. Bíonn na duilleoga roinnte i nduilleoigíní beaga éagothroma le duilleoigín mór foirceanta maothánach, na bláthanna cúigpheitealach ingearach buí le peitil spréite, gob crúcach ar na torthaí a dhéanann ceann cosúil le leadán. Tá an macall uisce cosúil leis seo, ach a bhláthanna babhla-chruthach cromtha, le peitil scothbhándearga.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Macall". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 427.