Neil Blaney
Polaiteoir Éireannach ab ea Neil Blaney (1 Deireadh Fómhair 1922 – 8 Samhain 1995). Bhí sé ina bhall d'Fhianna Fáil.
I mí na Bealtaine 1970, agus Blaney ina Aire Talmhaíochta, thug an Taoiseach Jack Lynch bata agus bóthar dó (in éineacht le Charles Haughey) nuair a tháinig sé chun solais go raibh sé ag ceannach gunnaí ar an Mór-Roinn ar son Shealadaigh an IRA.[1]
Féach freisin
- Triail na n-arm
Tagairtí
- ↑ John-Paul McCarthy (3 Meitheamh 2020). "Níl aon éalú fós againn ó ‘thriail na n-arm’, Dealy Plaza na hÉireann" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-01-29.