Íomhánna, ó bharr, ó chlé go deas: Páirc Papago le dul faoi na gréine, Baisleac Naomh Muire, Chase Tower, Spéirlíne Phoenix san oíche, Arizona Science Center, Rosson House, an t-iarnród éadrom, Cachtas saguaro, agus na Sléibhte McDowell.
Is é Phoenix an phríomhchathair Arizona i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Is é freisin an 5ú cathair is mó daonra sa tír, agus an chathair is mó sa stát. Tá sí ar an bpríomhchathair stáit is mó daonra i Meiriceá agus an 3ú cathair is mó achair sa tír (tá Juneau, Alasca agus Cathair Oklahoma níos mó). Sa bhliain 2016, bhí 1,615,017 duine ina gcónaí sa chathair, agus bhí 4.3 milliíun duine san achar ardchathrach (sa bhliain 2010). Is é an phríomhchathair stáit amháin le daonra níos mó ná aon mhilliún cónaitheoirí. Tá Phoenix suite i gContae Maricopa, i lár an stáit.
Aeráid
Tá aeráid Phoenix te agus tirim. Meán-uasteocht an lae 40.0 °C (104.0 °F) i mí Iúil agus meán-íosteocht na hoíche 6.1 °C (43.0 °F) i mí Eanáir. Is iad 50.0 °C (122.0 °F) an teocht is airde riamh sa chathair agus -8.3 °C (17.0 °F) an teocht is ísle ó thosach annálacha na haimsire.