Pondicherry
| Suíomh | ||||
|---|---|---|---|---|
| ||||
| Tír | an India | |||
| Union territory of India (en) | Puducherry (en) | |||
| Príomhchathair de | ||||
| Tíreolaíocht | ||||
| Achar dromchla | 19.54 km² | |||
| Airde | 3 m | |||
| Sonraí stairiúla | ||||
| Bunaitheoir(í) | François Martin | |||
| Cruthú | 1674 | |||
| Eachtra thábhachtach | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | ||||
| Cód poist | 605001–605014 | |||
| Lonnaithe i gcrios ama | ||||
| Glaochód | 413 | |||
| Eile | ||||
| Suíomh gréasáin | py.gov.in | |||
Is cathair san India í Pondicherry (/pɒndᵻˈtʃɛri/ or /-ˈʃɛri/; An Fhraincis: Pondichéry; Puducherry i Tamil), suite i dTamil Nadu.
is iarchoilíneacht de chuid na Fraince é. Bhí na Francaigh i bPondicherry le 300 bliain; níor thug siad uathu é go dtí an bhliain 1954. Anois tá breis is 20,000 duine ina gcónaí ann.
Tá cúpla focal Fraincise á labhairt fós in Pondicherry, rud a oireann go sármhaith don chuma atá ar an áit – na leaca pábhála, tithe maiseacha, gairdíní deasa; cuid den tseanFhrainc a d’fhág an stair ina diaidh i ndeisceart na hIndia.
Tá clú ar na tithe itheacháin, agus clú freisin ar shaoire na beorach; agus bíonn an Masquerade ar siúl i mí Mhárta agus mí Aibreán – daoine in éide álainn agus i maisc ag rince tríd na sráideanna le ceol cairdíní agus trumpaí. Ní nach ionadh, déantar ceiliúradh freisin ar scrios an Bastille. Tá an tseanIndia ann i gcónaí, ach go dtí seo níor mhúch sí l’Inde française.