Teitine
| Cineál | musculoskeletal system symptom (en) |
|---|---|
| Speisialtacht leighis | néareolaíocht agus inchríneolaíocht |
| Cóireáil chliniciúil | |
| Comharthaí | tetanic contraction (en) |
Cógais | |
| Pataigineas | |
| Cúis | hipeacailcéime |
| Aicmiú | |
| ICD-11 | MB47.D |
| ICD-10 | R29.0 |
| ICD-9 | 781.7 |
| Acmhainní seachtracha | |
| DiseasesDB | 29143 |
| MeSH | D013746 |
| UMLS CUI | C0039621 agus C0917812 |
Staid ina bhfuil hipirinspreagthacht néarmhatánach, a bhaineann le leibhéil ísle cailciam sa bhfuil de ghnáth. Ach tarlaíonn sé de bharr na tocsaine a dhéanann na baictéir Clostridium tetani freisin. Mar thoradh air, tarlaíonn crampaí sna matáin, ardú i mbrú na fola, trithí, agus ríog sa laraing, rud a fhéadfaidh bac a chur sna haerphasáistí is a bheith bagrach do bheatha duine. Tá dhá chomhartha chliniciúla chlasaiceacha ar theitine: comhartha Chvostek, preab san aghaidh a fhaightear trí chnagaide a bhualadh ar an néaróg aghaidhe ar thaobh an ghéill, agus comhartha Trousseau, suíomh docht na lámh, le fleisceadh na n-alt ag an rosta is idir na lámha is na méara, agus síneadh ailt na méar, spreagtha ag brú mórthimpeall uachtar na géige.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Teitine". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 657.