Saola
| Pseudoryx nghetinhensis | |
|---|---|
| Stádas caomhnaithe | |
| I mbaol criticiúil | |
| UICN | 18597 |
| Tacsanomaíocht | |
| Aicme | Mammalia |
| Ord | Artiodactyla |
| Fine | Bovidae |
| Géineas | Pseudoryx |
| Speiceas | Pseudoryx nghetinhensis |
| Léarscáil de raon an tacsóin | |
Ainmhí is ea an saola.[1] Cineál anatalóip atá ann agus é gaolta leis na daimh, ba, agus gabhair. Maireann an saola sna hardáin agus sna sléibhte in Oirthear na hInd-Síne, i Laos agus i Vítneam. Ní raibh aon eolas ar an saola (seachas ag daoine áitiúla) go dtí an bhliain 1993, nuair a rinneadh suirbhé in Anaclann (nó Tearmann) Dúlra Vu Quang. ("Damh Vu Quang" a thugtar air an saola freisin.) Fuarthas adharca an tsaola agus eolas faoi ó lucht an cheantair úd. Cé go bhfuil grianghraif de ann anois, níl an saola feicthe beo ag aon eolaí go dtí an lá inniu.
Tagairtí
- ↑ ““Pseudoryx nghetinhensis” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.